School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Killeany, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin

Filter stories

Back
/ 115 Forward
Resolution: Low | High
Comharthaí i dtaobh na hAimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seo iad cuid dé na comhartaí atá ag muinntir Árainn i dtaobh na h-aimsire.

Aimsear Breág
Bíonn torann mór ag an bhfairrge. Nuair a bions dath nádúrach ar an bfairrge Tagann an rón ingar dón talamh Bíonn an t-iasg ag éirge aníos as an bfairrge. Bíonn an liabhán ingar don talamh. Tagann na faoilleain isteach ar an talamh. Bíonn an talamh o dheas agus o tuaidh i bhfad amach.
Téigheann na géada fiadhain o dheas. Bíonn torann mór ag an bfairrge ag bualadh in aghaidh Túr-Máirtín. Bíonn dath dearg ar an ngréin. Nuair a bhíos an gaoth dtuighe án bíonn na réalta i bfad ón ngealach. An bhfairrge a béith chiúin. Bíonn na mucha mara ag eirghe ar bárr na fairrge. An t-aer a béith glan. Dath dearg a béith ar an spéir. Gaoth adthuiadh a béith ann.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhioráin
Gender
female
Language
Irish