School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 186
- XML “An Breitheamh Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus go mbéidir go léigheasfidhe í.
Bhí go maith annsin agus ní raibh go h-olc. Tugadh chuig an mbreitheamh í agus nuair a labhair an breitheamh léi, thosuigh sí ag caoineadh.
"Ná bíodh faitchíos ort romham-sa," a deir an breitheamh léi, "tiúbharfaidh mé féirín deas dhuit."
Thug sé muince deas dhí agus ní gloine a bhí ann acht neamhúin (diamonds).
Nuair a bhí sí ag déanamh spraoi lá'r na bhárach fuair na cailíní eile caidéis do'n mhuince.
"M'athair a cheannuigh dhom é," adeir sise. Ní túisge a bhí sé sin ráidhte aici ná táinig dath gránda glas ar an muince. "Ó féach," adeir na cailíní, "chómh gránda is atá sé fáighte."
"Ó innseóchaidh mé an fhírinne dhíbh," ar sise, "ní h-é m-athair a cheannuigh é, acht an breitheamh droidheachta a thug dom é."(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway