School: Cill Chiaráin

Location:
Kilkieran, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh

Filter stories

Back
/ 378 Forward
Resolution: Low | High
An Sagart agus an Ministir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 190

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí Sagart agus Ministéara in aon phobal amháin, fadó, agus bhíodar an-mhór le n-a chéile.
Lá amháin casadh an bheirt aca a chéile agus thug an Sagart cuireadh do'n Mhinistéara a dhul ag dinnéar chuige féin lá'r na bhárach.
Nuair a chuaidh an Sagart abhaile d'orduigh sé do'n chailín aimsire an dá Chearc Fhranncach a bhí ann a mharbhú' agus iad a bheith réidh le h-aghaidh an dinnéir lá'r na bhárach mar go raibh Ministéara le theacht ag an dinnéar. Chuala an buachaill é agus ar an bpuinnte is a bhí an dá chearc Franncach réidh ag an gcailín d'orduigh an buachaill iad a chur síos. Chuir.
Bruitheadh agus itheadh iad i ngan fhios do'n Sagart.
Nuair a bhí sé i ngar d'ám dinnéir tháinig an Ministéara agus bhí an Sagart

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Raghallaigh
Gender
female
Age
14
Address
Kilkieran, Co. Galway
Informant
Máirtín Ó Conghaile
Gender
male
Age
65
Address
Kilkieran, Co. Galway
Language
Irish