School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 064
- XML “Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Leag sé an anuas an craiceann chuice agus phioch sí an olann de.
Annsin thug sí an craicheann dhó agus a luach.
Tháinig sé abhaile agus an craiceann agus a luach aige.
Annsin chuir an Gobán Saor fhios ar an mbean sin é agus ba í a inghean féin an bhean seo.
Annsin tháinig an lá ar cuireadh fios orra le haghaidh na cúirte seo.
D'imthigh an tathair agus a mach (an mach a cheannuigh sé) go dtí an áit a raibh an chúirt le déanamh. Nuair a bhíodar leath bealaigh chasadar abhaile airís.
Rinne siad é seo dhá lá indiaidh a chéile, agus an triomhadh lá dubhairt an bhean le na fear tosuigh ag innseacht sgéil do'n Ghobán agus go ngabhfadh siad go dtí an chúirt.
Chuaidheadar ag déanamh na cúirte an triomhadh lá agus nuair a bhí an chúirt réidh ag an nGobán, d'fhiafruigh an fear a mba leis(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway