School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhuine ar bith.
Cheap an leas-mháthair nach mbeadh sí i bhfadh beo, amuigh san gcnoch gan beatha gan dídean.
Bhí sean-charaidh go shean-chaora dhuibh i na measg agus gach lá thagadh sí chuici agus thugadh sí biadh le n-ithe, agus éadach a chur uirrthi.
Mar sin mhair an cailín i bhfad. D'fás sí agus d'éirigh sí láidir agus an-áluinn.
Chualaidh an leas-mháthair fúithi agus níor thuig sí an sgéal.
Máidín amháin roimh éirigh don ghréin chuaidh sí féin amac ar an gcnoc agus chuaidh sí i bhfolach fá charraig.
Faoí mheadhon lae tháinigh an chaora chuig an gcailín leis an mbiadh.
Chonnaich an leas-mháthair gach rudh a bhí leagtha ann.
"Tás agamh anois an sgéal," ar síse léithe féin chuirfidh mise críoch leis an obair seo.
Nuair a chuaidh an mo leas-mhathair(continues on next page)- Collector
- Éithne Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway