School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí sin déanta aige rinne sé páidheóg agus líon sé leis ola an boisgín. Bhí an paidheóg ag dul síos tríd an simléar síos ins an ola. Nuair a bhí sin déanta aige las sé an páidheóg agus las sé go deas agus go cothram agus níor fathcas aon rud san am sin a bhí chomh deas leis agus bhí gach uile duine ag teacht ag breathnú air. Is gearr go raibh ceann ins gach uile teach. Uaidh sin amach bhíodh tinncéaraí ag teacht ag deasú sean-gréidheanta. Rinne siad lampaí as somplaí na mboisgíní acht bhí siad níos cothruime le solas ná na boisgíní, acht ní fhaca mise aon ola éisg dá dhóghadh ariamh ó shoin agus tá sé sin seacht mbliadhna déag agus dhá fhicead ó shoin. Chonnaic mise mé féin an méid sin. Maidir leis an ola éisg ní fearr ann é go deimhin, bíodh chuile rud lobhtha aige mar bhíodh sí dá dhóirteadh annseo agus annsiúd agus bhíodh boladh bréan uirthe mar bhídis ag déanamh ola de caba chuile iasg badh cuma lobhtha nó slán é. Bhí ola an gheimhridh chomh mór i gceist san am sin is gur fiafruigh leath-amadán a bhí ar an mbaile dá athair nuair a tháinig corp duine i dtír "Meas tú a mbainfear ola as a Dheaide"? Tar éis an ama sin thosaigh na daoine ag déanamh coinnlí as gur bhíodh múnla iarainn aca le h-aghaidh sin agus bhídis ag sníomh na bpáideóg iad féin de shnáth cadáis.
(Féach leathanch a 26)- Collector
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Flártaigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway