School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 450

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 450

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 450
  3. XML “Díol agus Ceannach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní bhíodh siopaí go flúirseach sa cheanntar san tsean-aimsir. Cheannuigheadh na daoine na rudaí ins an gcúpla siopa a bhí ann cuir i gcás i gClochán, i nGaillimh agus i gCloch na Rón. An uair sin ní bhíodh na siopaí i n-aice an tséipéil agus ar an ádhbhar sin ní dhíoltaí mórán earraidhe tar éis an Aifrinn. Le gairid anois ó d'fhairsing na siopaí bhíodh na siopadóirí ag díol tar éis an Aifrinn ach chuir cuidd de lucht na siopaí stop leis sin, mar bhíodh sé ráidhte nach raibh sé ceart díol ná ceannach a dhéanamh ar an Domhnach mar gheall go mba lá saoire a bhí ann.
    Ní bhíodh airgead chomh flúirseach sa tsean-aimsir agus atá sé anois. Nuair a theastóchadh rud le ceannach ó dhuine is amhlaidh a mhalartóchadh sé bó nó capall nó muc le fear eile chun an rud atá ag teastáil uaidh a cheannach. Rud eile a dhéanadh na daoine seadh laethannta oibre a thabhairt do na siopadóirí ar son earraidhe agus rudaí eile mar sin. Bhíodh leisge ar chuid de na daoine aon rud do dhíol ná ceannach ar an Domhnach le faitchíos nach mbeadh an t-ádh ortha. Bhíodh faitchíos ar dhaoine tosnú ag tógail tighe nó ar a leithéid mar obair 'Lá Crosta na Bliana' mar bhíodh sé ráidhte nach mbiodh an t-ádh ag baint leis an lá sin i n-aon chor. Sé an ait a mbíodh an margadh sa tsean-aimsir ná i gCloch na Rón agus i gCill Chiaráin agus bíonn sé i gCill Chiaráin ariamh ó shoin suas go dtí an lá atá indiu ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    2. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway