School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 449

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 449

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 449
  3. XML “Diarmuid agus Gráinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé an t-uisge as a ladhracha. Nuair a tháinig sé go dtí Diarmaid ní raibh aon uisge aige. Ní raibh Diarmaid básuighthe fós. Tháinig roinnt feirge ar Oisín agus dubhairt sé le Fionn a dhul i gcoinne an uisge arís. Chuaidh Fionn go dtí an t-uisge. Thóg sé lán a mhámh den uisge agus sgaoil sé tríd naladhracha arís é. Tháinig roinnt eile feirge ar Oisín. Thug Fionn leis an t-uisge arís an tríomhadh huair, ach bhí Diarmaid básuighthe roimhe. Dubhairt an fear a mhúin Diarmaid i dtús a shaoghail le Gráinne an cholainn a thabhairt dhó agus go raibh sé féin i ndon í a chur ag cainnt leis corr-uair. Thug sí dhó an cholainn agus thug sé leis í agus chuir sé caoi uirthe a mbeadh sí i ndon a bheith ag cainnt leis corr-uair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway