School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 417

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 417

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 417
  3. XML “Jack - An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cé'n chaoi a ngoidfeadh sé an chaora, agus d'fhreagair an mac nach raibh gadaí ar an saol in ann sin a dhéanamh. Chuir an t-athair geall go ngoidfeadh sé féin í.
    D'imthigh sé leis agus péire bróg nuadh air, leag sé ar an mbóthar ceann aca, agus chuir sé salachar innte, agus leag sé an ceann eile tamall uaithe agus í glan. Nuair a tháinig an búistéara chomh fada leis an gceann glan dubhairt sé ' Is maith an bhróg í seo, dá mbeadh ceann eile mar í, b'fhiú í a ghlanadh'. Is gearr an t-achar a bhí siubhalta aige gur chas sé leis an gceann glan, agus a deir sé ó tharla go raibh an dá bhróig ann go nglanfadh sé an ceann salach agus go mbeadh péire deas aige annsin. Leis sin sháith sé maide síos sa talamh, agus cheangail sé an chaora dhe. Tháinig sé chomh fada le lochán uisge go níghfeadh sé na bróga, agus an fhaid is bhí sé ag nigheachán na mbróg, thainig an 'Gadaí Dubh', agus chroch sé leis an chaora. Dubhairt Jack go mba mhaith an fear é, ach bhí an buistéar ar buile, agus faoi cheann seachtmhaine tháinig sé an bealach arís, agus caora eile aige. 'Má ghoid tú an lá cheana a deir sé leis an nGadaí, ní ghoidfidh tú indiu', ach gheall an Gadaí go ngoidfeadh sé. Tharla go raibh coillte in aice an bhóthair agus isteach leis an nGadaí ionnta i ngan fhios don bhúistéar, agus thosaigh ag méighleach go tréan. 'O', ars an búistéar nuair chuala sé an chaora mar cheap sé 'is amhlaidh an rud nach ngoidtear go bhfaightear arís é'. Rith sé isteach sa gcoill go bhfeicfeadh sé arbh é an chéad chaora a bhí ann agus d'fhág sé an ceann eile ar leath-thaobh an bhóthair. Bhí an méighleach i bhfad istigh sa gcoill, ach de réir mar a bhí an búistéara ag dul isteach is amhlaidh a bhí an méighleach ag imtheacht uaidh.
    Ní dhearna an Gadaí anois, ach rith chomh tréan is a bhí sé in ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway