School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 416

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 416

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 416
  3. XML “Goll Mac Mórna”
  4. XML “Jack - An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar ais chuige. Cara an- mhaith do Cormac Mac Airt, a beadh é agus is iomdha troid a rinne sé ar a shon. Fear maith le h-aghaidh troda a bhí ann, agus ba láidre é ná na Fiannaeile deirtear, ach mar sin féin ní bhíodh suim ar bith aige aon duine do marbhughadh. Uair amháin bhí sé féin agus Conán Maol le chéile ag faire ar Fhionn. Ba ghearr go dtáinig slam mór saighdiúirí chuca agus Cormac Mac Airt mar thaoiseach orra. Níor réitigh Cormac agus Conán le chéile riamh, agus ní fada gur éirigh argóint eicínt eatorra. Thaobhuigh Goll Mac Mórna le Conán agus nár mharbhuigh sé Cormac. Tháinig brón agus briseadh croidhe air annsin nuair a chonnaic sé a chara dílis caillte - an cara a bhíodh chomh maith dhó i gcómhnaidhe roimhe sin, agus i gcionn ráithe nó níos lugha bhí sé fein ar shluagh na marbh. Uaigneas i ndiaidh Chormaic ba chiontach le,n a bhás deirtear. Do chaoin gach duine de na Féinne é go fras, mar bhí an-chion aca air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann uair, agus tugtaoi an Gadaí Dubh air. Ní raibh a leithéid riamh ann maidir le gaduidheacht. Bhí aon mac amháin aige agus sé an t-ainm a bhí air 'Jack'. Lá amháin bhí an bheirt aca in a suidhe le taobh chnocán ar thaobh an bhóthair. Chonnaic siad búistéara ag dul thart agus caora aige. D'fhiafruigh an t-athair dá mhac
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway