School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 356
- XML “An Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó dárb ainm an 'Gobán Saor' agus bhí sé an bhocht. Lá amháin bhí sé ag dul thart ag lorg oibre agus deirtear gur naomh a mhúin ceird dhó. Annsin tháinig sé go dtí áit a raibh fir ag tógáil caisleán. Bhíodar le linn 'a dhul ag ithe a ndinnéar go díreach. D'iarr sé obair ar mháighistir na h-oibre a bhí ann agus dubhairt sé go dtiubhradh agus fáilte. Bhí an oiread dúil aige a dhul ag obair agus d'fhiafruigh sé de'n mháighistir céard a bheadh sé ag déanamh agus dubhairt an máighistir leis 'cat is dhá earball' á dhéanamh. Annsin thosuigh an Gobán ag obair ar a míle dicheall agus bhí 'cat is dhá earball' déanta aige de chloch nuair a tháinig an máighistir agus a lucht oibre ar ais ó'na ndinnéar. Do bhí ionghadh an domhain ortha ní nárb ionghadh agus dúbhradar go raibh an ceird aige. Annsin bhí an Gobán féin i gceannas na h-oibre agus ní raibh aon fhear sa tír a raibh an oiread ceiird aige agus a bhí aige. Cúpla bliain ina dhiaidh sin phós an Gobán agus d'imthigh sé as baile agus bhí páiste óg ag a mhnaoi.
Inghean a beadh í agus b'fearr leis-sean dá mba mhac a bheadh aici ionnúsgo mbeadh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Maoilchiaráin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway
- Informant
- Brighid Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 83
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway