School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn

Filter stories

Back
/ 189 Forward
Resolution: Low | High
Cashel | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Deireann na daoine go bhfuil báisteach air nuair tá an gaoith aniar ndeas, nealtai troma dubha sa speir, madadh ag ithe féir, cat agus a ruball leis an teine, an súath ag tuitim agus ceo ar barr na gcnoc. Tá carraigreacha beaga agus móra taobh ó dheas de Innis Leacan, na Searaigh a glaoidhtear ortha, agus nuair a bhíonn torann ag na cinn móra deireann siad go bhfuil aimsear maith air, agus ag na cinn beaga go bhfuil aimsear briste air.
Nuair tá stoirm ag teacht, tagann na faoileáin suas ar an talamh. Nuair leanann an ghaoith an grían deireann na daoine go bhfuil an gaoith imthigthe suas go'n talamh, nuair tá dath dearg ar an grían ag dul in a luighe dí, agus drúcht trom ar an talamh 'san oidhche tá aimsear maith air. Nuair a bhíonn sneachta air tagann na beithidhigh abhaile ona cnocaibh ag geimneach. Sul a dtagann an sneachta bíonn an aimsear an fhuar agus an speir dorcha.

Collector
Máire Nic Donnchadha
Gender
female
Address
Scrahallia, Co. Galway
Informant
Miceál Mac Donncada
Gender
male
Age
45
Address
Scrahallia, Co. Galway
Language
Irish