School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
An Tulach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0131

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

sin le bheith ag scríobh ach slinntreacha. Bhíodh siad ag foghluim gramadaighe agus teagasc críostaidhe agus leabhra eile béarla san sgoil. Bhí siad ag fóghluim go han-chruaidh an t-am sin agus bhí múinnteóirí maithe ghá múnadh. Bhí meas mór ag na daoine ar na múinntéoirí.

Nóra Ní Churraidín

Áine Ní Fhágharta do scríobh síos
Ó Thomás Ó Fárthartaigh mo dhearbráthair a d'innis dhom é (22) ó Labhrás Ó Conghaile agus ó Phádhraic Dolustrum a fuair sé é.

Deirtear gur in Indreabhán a bhí an chéad sgoil fadó sul ar cuireadh na scoileanna náisiúnta ar bun. Tá chomharthaí na mballaí le feicéal ann fós agus tá stábla déanta ag Seán O Curráidhín san áit anois.
Níl aon tuairim ceart cé bhí ag múnadh ann acht deirtear gur duine de mhuinntir Churraidhin é agus gur strainnséar a bhí ann. Ó innseacht na seandaoine deirtear go raibh scoil bheag eile i mBaile na h-Abhann in aice leis an áit a bfhuil an Scoil.

(continues on next page)
Collector
Áine Ní Fhágharta
Gender
female
Address
Ballynahown, Co. Galway
Informant
Tomás Ó Fáthartaigh
Relation
relative (other than parent or grandparent)
Gender
male
Age
22
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish