sin le bheith ag scríobh ach slinntreacha. Bhíodh siad ag foghluim gramadaighe agus teagasc críostaidhe agus leabhra eile béarla san sgoil. Bhí siad ag fóghluim go han-chruaidh an t-am sin agus bhí múinnteóirí maithe ghá múnadh. Bhí meas mór ag na daoine ar na múinntéoirí. Nóra Ní ChurraidínLuke CreganÁine Ní Fhágharta do scríobh síos Ó Thomás Ó Fárthartaigh mo dhearbráthair a d'innis dhom é (22) ó Labhrás Ó Conghaile agus ó Phádhraic Dolustrum a fuair sé é. Deirtear gur in Indreabhán a bhí an chéad sgoil fadó sul ar cuireadh na scoileanna náisiúnta ar bun. Tá chomharthaí na mballaí le feicéal ann fós agus tá stábla déanta ag Seán O Curráidhín san áit anois. Níl aon tuairim ceart cé bhí ag múnadh ann acht deirtear gur duine de mhuinntir Churraidhin é agus gur strainnséar a bhí ann. Ó innseacht na seandaoine deirtear go raibh scoil bheag eile i mBaile na h-Abhann in aice leis an áit a bfhuil an Scoil.Luke CreganLuke Cregan