Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0132
  3. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ndóthain againn do chleas an tubáin. Chuaidh muid a'smúrchacht amach i ngarrdhaí gabáiste Tom Éamoinn go mbeadh fhios againn a bhfuigheadh muid bás an bhliadhain sin.
    Dhá leagadh muid ár lámh ar an ngabáiste ghlas gheobhadh muid bás sul má bheadh an bhliadhain caithte agus dhá leagadh muid ar an ngabáiste geal í bheadh muid pósta sul má beadh an bhliadhain caithte. Dhún muid ár gcuid súl agus bhí muid ag lapaireacht annon is anall sa ngabáiste agus tá mé ag ceapadh nach raibh aon das amháin ina sheasadh sa ngarrdha 'nár ndiadh.
    Deirtear san áit seo
    (1) Go milleann na púcaí na sméara
    Oidhche Shamhna,
    (2) nach ceart aon uisge salach a
    chaitheamh amach an oidhche
    sin gan "Chugaibh, chugaibh!"
    (hugaí,hugaí) a rádh ar fhaitchíos
    go mbuailfí an t-uisge ar na
    sidheógaí.
    Cleasa Oidhche Samhna:-
    (1) Tumadh i ndiaidh ubhlaí sa tubán.
    (2) Snap-apple - ruadhóg ar líne an
    tighe agus ubhla air.
    (3) Cleas na bhfó-chupán - uisge
    glan, u.salach, cré, fáinne, paidirí.
    (4) Blogam uisge thabht as tobar na
    tórann agus a dul ag éisteacht ag
    doras na comharsan - an chéad
    ainm a chloisfeas tú annsin, sin é
    ainm do chéile.
    (5) Ag déanamh fios i measg an
    ghabáiste.
    (6) An bairighean breac, - nó cáca a
    mbeadh, ceirt, airgead agus fáinne
    ann.
    (7) Na Pónairí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe