Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0085
  3. XML “An Fear agus an Taibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Fear agus an Taidhbhse.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag an Aifreann an lá seo agus do bé an seanamóir a bhí ag an sagart nár cheart do dhuine ar bith faithchíos a bheith air roimh thaidhbhsí san oidhce ná tada mar sin, nach raibh ann acht seafóid. Bhí an fear seo ag éisteacht leis agus nuair a chuaidh sé abhaile dubhairt sé go n-imreóchadh sé seift ar an sagart go bhfeicfead sé an raibh an oiread misneach aige agus abhí sé a rádh. An oidhce chéadhna theastuigh an sagart ó na mháthair leis an Ola a chur uirthe agus chuaidh an fear seo i gcoinne an tsagairt. D'innis sé an sgéal do'n tsagart agus dubhairt an sagart go rachfhad sé leis.
    Níor fhan an fear leis an sagart chor ar bith acht d'imthigh roimhe nó go dtáinig sé go dtí an áit ba h-uagnidhe ar an mbóthar agus d'fhan sé annsin leis. Nuair a d'airigh sé an sagart ag teacht chuir sé bráithlín geal ar féin agus sheas i lár an bhóthair roimhe. Nuair a chonnaich an sagart é thuit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chonghaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    26
    Gairm bheatha
    Iníon táilliúra (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire an Fhéich, Co. Galway