School: Cillíní Díoma (roll number 15071)
- Location:
- Killeenadeema, Co. Galway
- Teacher: Uinsionn Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cillíní Díoma
- XML Page 0161
- XML “Gasúr na Cuinneoige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín uair amháin ann agus deamhain focal béarla a thiocfadh leithí a labhairt nó níor thuigfeadh sí é. D'imthigh sí ' na lagain 'san bhéaltaine agus d'fhastuigh sí.Ba Albanaigh a maighistir agus a maighistreas.Bhí buachaill deas crodha ag suirigh leithi agus ba ghnathac leis a theacht annsoir aicí núair a gheobhadh sé muinntir an toighe ar siubhal, ach sa deire chúala an maighistreas é ach níor leig sí dhath uirrí.Thárla lá amháin go raibh daoine muinteardha ag teacht ar chúairt acu agus d'imthigh lucht an toighe in a n-aircís.Thainic an gasúr agus is cosamhail nár mhothuigh siad an t-am ag dul thart go raibh an mhuinntir sa bhaile arís. Ní rabh le déanamh aige ach a léimnigh isteach 'san chuinneóig. Bhí an chailín tríd a céile agus thug bean an toighe fá dear é agus is cosamhail go rabh sí féin óg am amháin nó níor dhubhairt dadaidh.I gceonn tamaill dubhairt sí leis an gcailín, "tá an t-im gann. Déan deifre agus deanfaidh muid cuid dó." "A" arsa an cailín, "tá do sháith agat. "Níl" arsa sise agus fúair sí(continues on next page)