School: Cillíní Díoma (roll number 15071)

Location:
Killeenadeema, Co. Galway
Teacher:
Uinsionn Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cillíní Díoma
  2. XML Page 0162
  3. XML “Gasúr na Cuinneoige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    canna uisce agus chaith sí isteach san chuinneóig é, agus le sin léim an taidhbhse amach aistí agus ar shiúbhal leis go tiugh géar is thiocfadh leis.
    Núair a chonnaic an cailín seo, thuit sí i laige. Cuireadh a luighe í agus núair thainic sí aicí fein arís dubhairt beán a' toighe nár chóir a bheith a' iarraidh barraidheacht "Bhí an ceart agat" arsa sí. "Bhí ár sáith ime againn." "Ghnidheann go leor gnaithe i gcómhnuidhe.
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc; ní dearn an gasúr stad nó sgíth go rabh sé giota maith ar shiubhal. Annsin shuidh sé ar thaobh an bhealaigh mhóir agus deir sé leis féin. "nach orm do bhí an t-adh." Má bhfúair sí maide na cuinneóige, bhíodar reidh liom nó bhrisfeadh sí mo chloigeann le buille amháin."
    "Sí Máire (an ghirseach) a d'innis sin duithe. Gheobhaidh mé cothrom na Féinne lá inteacht agus b'é féin a fhúair é agus a saith leis." Cúpla oidhche in a dhiaidh bhí an bheirt ag siubhal thart fá'n bhán agus dubhairt sé leithí, "Rinne mé dearmad do mo bhata agus an bhfanóchaidh tú anseo go dtaraidh mé arais." "Fanóchaidh" arsa sise.
    Cá deachaidh seisean ach annsoir bean a'toighe agus a innse duithe gur chúala sé an cailín a radh le beirt fear go rabh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish