School: Cillíní Díoma (roll number 15071)

Location:
Killeenadeema, Co. Galway
Teacher:
Uinsionn Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0316 Forward
Resolution: Low | High
Cillíní Díoma | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0285

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí sagart ag déanamh stáisiúin i gcomharsanacht an locha agus chonnaic sé bodach Protastúnaigh ag iasgaireacht ann, agus bhí cnap mór d'iasg gabhtha aige agus diarr sé ceann dá dhinnéar. Nidh nach bhfuair agus mhallachtaigh sé an loch agus gach a rabh ann, agus ó soin níl smidín d'iasg le fághail ann.

Collector
Prionnsíos Ó Conáin
Gender
male
Address
Killeenadeema, Co. Galway
Informant
Seán Ó Siadhail
Gender
male
Age
76
Language
Irish

Ar na cnuic céadna tá sórt suidheacháin ann ar a dtugtar "Cathaoir an Iarla" air agus seo an sgéal atá ag baint leis go rabh cóir suidhe déanta do dhuijne de mhuinntir Cloinne Riocaird ar bhárr Túir ionnus go bhféadfadh sé limistéar mór fairsing a taisbeánt dá cháirde agus go mbeadh a chuid namhaid ag tnúth leis agus gan amras is breagh an radharc atá le feiceáil ó'n áit, siar go cathair na Gaillimhe nó ódheas

(continues on next page)