Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)

Suíomh:
Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Uinsionn Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cillíní Díoma
  2. XML Leathanach 0161
  3. XML “Gasúr na Cuinneoige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín uair amháin ann agus deamhain focal béarla a thiocfadh leithí a labhairt nó níor thuigfeadh sí é. D'imthigh sí ' na lagain 'san bhéaltaine agus d'fhastuigh sí.
    Ba Albanaigh a maighistir agus a maighistreas.
    Bhí buachaill deas crodha ag suirigh leithi agus ba ghnathac leis a theacht annsoir aicí núair a gheobhadh sé muinntir an toighe ar siubhal, ach sa deire chúala an maighistreas é ach níor leig sí dhath uirrí.
    Thárla lá amháin go raibh daoine muinteardha ag teacht ar chúairt acu agus d'imthigh lucht an toighe in a n-aircís.
    Thainic an gasúr agus is cosamhail nár mhothuigh siad an t-am ag dul thart go raibh an mhuinntir sa bhaile arís. Ní rabh le déanamh aige ach a léimnigh isteach 'san chuinneóig. Bhí an chailín tríd a céile agus thug bean an toighe fá dear é agus is cosamhail go rabh sí féin óg am amháin nó níor dhubhairt dadaidh.
    I gceonn tamaill dubhairt sí leis an gcailín, "tá an t-im gann. Déan deifre agus deanfaidh muid cuid dó." "A" arsa an cailín, "tá do sháith agat. "Níl" arsa sise agus fúair sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge