Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
Garraun, Co. Galway
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0023
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair do bhí na pian dlíghthe ar bun i n-Éireann do cuireadh séipeál fré theine i mBaile na Cúirte agus dóigheadh é acht tá na fothracha le feiceál go fóill. Dubharthas an t-Aifreann i n-áit áirighthe fé'n spéir agus tá an t-áltóir le feiceál go fóill agus tá sé déanta de chloich. Tá sé i Mbaile na Cúirte. Níor sgéitheadh ar an sagart a bhíodh ag léigheamh an t-Aifreann ariamh agus dubhairt an sagart nach sgéithfí ar aon duine san gcomhursanacht sin go deó. Bhí cúig phúnt ar chloigeann sagairt acht níor éirigh le na Sasanaigh aon sagart a fhághail mar ní innseóchadh na daoine dóibh cá raibh na sagairt. (a fhágáil). Ní léigheadh na sagairt an t-Aifreann ins na tighthe an uair sin acht do léighidís é i n-áit uaigneach i bhfad ós na tighthe. Bhí na Sasanaigh ar thóir na sagart go minic acht níor éirigh leo ariamh ceann aca a fhágháil mar bhí na daoine dílis so na sagairt agus níor scéith siad ariamh ortha. Bhíodh na sagairt i bhfolach i mBarr an Áird i dTamhain. Bhí teach beag speiseálta le h-aghaidh an Aifrinn i mBaile na Cloiche agus do théigheadh na daoine chuig an Aifreann ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge