Seo iad na h-ainmhidhthe fiadhána atá ar fágháíl ins an áit seo. An sionnach Ruadh, Tá leabaidh aige síos sa gCregg seo againne. Tá leabaidh aige síos idir dhá chloich sa talamh agus níl ach poll bheag aige chun teacht isteach is amach ann. Níor mhór dúinn aire a thabhairt do na cearcaí, na gaedhanna agus na lachain no thógfadh an sionnach iad. Tuairim is deich mbliadhain o shoin thóg an sionach ceithre frainncach déag uainn, mharbhuigh sé iad agus tharraing sé suas agus anuas
(continues on next page)