Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 074

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 074

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 074
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an mhadadh-ruadh. Bíonn sé in a chomhnaidhe in aiteacha uaigneacha cosamhail leis an mhadadh-ruadh. Ainmhidhe drochanta é.
    Tá cuid mhór easógaí ins an áit seo. Bíonn siad ina gcomhnaidhe i bpoill. Marbhuigheann siad coinínín agus luchógaí agus ólann siad a gcuid fola sin an rud a mbíonn siad beó air. Tá sé comh mór le luchóíg acht tá sé níos fuide agus ruball fada air agus ceann fíor bheag ar fad air.
    Tá cuid mhór dobhar-cho (?) ins na lochanna agus ins na h-aibhneacha thart fá´n áit seo. Madadh fada íseal atá sa dobhar-chú agus dath dubh atá ar an chuid is mó aca. Itheann siad iasg de gach chineál. Bíonn siad in a gcomhnaidhe faoi'n uisge an chuid is mó de'n ám.
    Ainmhidhe eile an Ghrainneóg-fhéir nach bhfuil dochar ar bith ann. Tá sé fá thuairm ar an mhéid céadhna le luchóig agus tá blaosg ar gach chionn aca agus deilg ins an bhlaosg agus tá nimh ionnta.
    Cumhdaigheann siad iad féín leis an blaosc nuair a tchídheann siad thú ag teacht. Tá sé measardha doiligh iad a mharbhughadh. Bíonn siad beó i bpoill ins na claidheacha agus itheann siad féar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Donegal