School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 110
- XML “Leitir Mhic an Bhaird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)b'airde a thabhairt dó go ceann bliadhne. Chuaidh an bhliáin theacht agus níor cuireadh seanachas ar bith fa Mhac a Bháird go ceann bliadhna. Shíl Ó Domhnaill go rabh se crochta agus nach m' béadh lá iomradh níos mó air. Se an cheud sgeal a fuair Ó Dómhnaill leitir agus suim mhór airgid le díol aige ar shon an teagasg a fuair mac an Bháird ar feadh na blíadhna. Nuair a fuair Ó Dómhnaill an leitir bhí íongantas mhór air, thug sé iarráidh ar an dearbrathair go bhfeicfeadh se caide a bhí contrailte agus an leithir leis. Dúbairt an deárbhrathair leis gur sin an t'órdú a chur se aige agus go rabh an leitir annseó go fóill le sin a chruthú. Do deirígh agus thug an leitir i láthair ó Dómhnaill. [Bha]? bhí a lorg láimhe fhéin ar an leitir agus ní rabh sé ábalta difir ar bíth a dheánamh ann. Ní rabh a dhath lé deánamh ag Ó Dómhnaill annsin ach an t'arm a chur indiaidh mhac an Bháird. Rinne se seo agus t'am a bhí an t'arm ag teacht í láthair go Lonnduin ar Mhac an Bháird bhí sé fhéin agus a chomráduithe istuigh in seomra ag imirt chárdaí. Bhí lámh ag achan fhear. Thanaig an cainnt go clúas mhic an Bháird agus d'áithin sé an glór a bhí ag cainnt roimhe leis. Sé a dúbhairt an chainnt " Imir a cluithche ar a luás agus nach leig an uair seo thar ar [fatcias]? go(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Gender
- Female
- Address
- An Bun Beag, Co. Donegal