School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 029
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí lanamhain 'na gcomnuidhe thoir i nBan-Na-Leaca fado shoin a raibh mac amháin aca. Nuair abhí sé ocht mbliana déag d'imthigh le leis go h-Albain.”
Bhí lanamhoinn 'na gconuidhe thoir i mBun-Na-Leaca fado shoin a raibh mac amháin aca. Nuair abhí sé ocht mbliana déag d'imthigh se leis go h-Albain.
Thainig an Nodlaig agus dar leis go raibh sé beag go leór aige bronntanas a chur ag a mhuinntir. Chuaidh sé amach agus cheannuigh sé clog dheas agus chur chuca é.
Iontas mór abhí sa chlog ag muinntir Bhun-Na-Leaca no ní fhaca siad a leithead ariamh aroimhe agus chruinneochadh siad uilig isteach achan oidhche le go n-éisteochadh siad leis an "tic, tic".
Clog ocht lá abhí inntí agus igcionn na n-ocht lá stad sí. Shíl na daoini uilig gur comhartha seó go raibh rud eighinteacht cearr leis an stócach in Albann.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Dhuibhir
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Gabhla, Co. Donegal