School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Knockastoller, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair

Filter stories

Back
/ 163 Forward
Resolution: Low | High
(no title)

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(no title)

Bhí fear 7 bean ann fad o shoin 7 bhí mac aca air bh'ainm do Tarlach. Duine gan radh abhí i dTarlach.

Bhí fear agus bean ann fad o shoin agus bhí mac aca air bh'ainm do Tarlach. Duine gan radh a bhí i dTarlach, bhéadh sé ar shiubhal leis achan oidhche, go maidin, agus bhí seó 'na dhroch-sampla ag an chuid eile de'n teaghlach. Oidhche amhain bhí sé amuigh go dtí an trí o chlog agus pilleadh na bhaile do, casadh a athair air sa doras, shín sé cúig phunta chuig Tarlach agus d'iarr air giota a bhaint do. Ghlac Tarlach an t-airgead agus shiubhal leis go dtainig sé fhad le roilig, d'amharc sé isteach sa roilig agus goidé tcí sé ach sgaifte mór daoine agus iad ag troid. Chuaidh sé isteach agus chuir sé ceist ortha goidé'n troid abhí ortha. "Tá" arsa fear acu, "Tá fear annseó nach leigeann dúinn an corp a chur siocair go bhfuil fiacha aige air". Ca

(continues on next page)
Informant
Aodh Ó Gallchobhair
Gender
male
Age
70
Occupation
múinteoir
Address
Magheraclogher, Co. Donegal
Language
Irish