School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 154
  3. XML “Liam an Dealáin (Willy the Wisp)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gabha na chómhnuidhe sa cheantar seo fad ó shoin agus dalta an ghabha seo ta againn anois dheamhan únsa foighide bhí aige act é go garbh rasgánta in a dhóigheana agus ba thruagh an té bheadh in aice leis agus fearg air. Tháing aingeal aige lá amháín acht nior aithin seisean gur aingeal bhí ann na tháing an t-aingeal igcuma agus gcosamhlacht fir. D'iarr sé ar an ghabha trí áthcuigní a tiarraidh agus go bhfuigheadh sé trí cinn ar bith a ba thoil leis. Bhí go maith agus seo na cinn a d'iarr sé. Duine ar bith a shuidhfeadh sa chathaoir bhí aige nach dtiocfadh leis éirighe as go dtógfadh an gabha fheín as é. An dara cean duine ar bith a bheirfeadh greim ar an órd mór bhí aige nach dtiocfadh leis a fógailt na dhiaidh go beirfeadh an gabha fheín uaidh é agus an tríomhadh ceann airgead ar bith a chuirfidh isteach in a sparaí nach dtiocfadh le duine ar bith é thógailt amach acht an gabha fhéin. Níor iarr an gabha bocht athcuinge ar bith do na ansan (?) agus bhí a shliocht air ní raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Will-o’-the-wisp (~74)
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish