School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Knockastoller, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair

Filter stories

Back
/ 163 Forward
Resolution: Low | High
(no title)

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(no title)

Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh.

Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh. Rinne sé mar hiarradh air. Ní raibh ag an mnaoi nua a fuair sé ach a mathair fosta agus thainig siad uilig le comhnuidhe ina thig sin. Ní raibh an suighthe sa phota ariam go dtí seo no throid na sean mná ó mhaidín go hoidche agus go minic, minic ó oidhche go maidín.
Lá amháin thainig fear beag ribeach ruadh isteach sa cheardta chuig an ghabha. Fear beag éagsamhail a raibh bríste gorma agus casóg dhearg air.
Cuir sé ceist ar an ghabha "an gcuirfeadh sé péire cruithteac [?] ar bheathach leis i mbarach". Dubhairt an gabha "go gcuirfeadh go cinnte".
Tráthnóna lá thar na bharach cia thainig leis an bheathach ach an fear beag ribeach ruadh. Thainig sé isteach na ceardta agus cheangal an beathach thíos ag bun an urláir mar is gnathach. Thainig sé aníos annsin agus ghlan thart fan teallach agus sguab amach an teach. Chuaidh sé síos annsin agus ghearr sé na ceithre cosa den bheathach, chaith isteach sa teine iad agus thoisigh shéideadh na mbuilg ar theann a dhicheall

(continues on next page)
Informant
Aodh Ó Gallchobhair
Gender
male
Age
70
Occupation
múinteoir
Address
Magheraclogher, Co. Donegal
Language
Irish