School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 076
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear 7 bean na gcomhnuidhe ar an Mhacaire Loisge uair amháin a raibh Mághnus 7 Bríghid mar ainm ortha.”
Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe ar an Mhachaire Loisge uair amháin a raibh Mághnus agus Bríghid mar ainm ortha. Fear beag gorrigeach abhí in Mághnus. Bhí casáid le deanamh i gcoinnuidhe aige, agus ní thabharfadh sé suaimhneas ar bith do na mhnaoi ar chor ar bith. Dearfadh sé céad uair sa lá nach raibh a dhath le deanamh aice ach na suidhe agus na cosa san luaith aice.
Déist Bríghid leis ar feadh tamall maith, ach sa deireadh dar léithe go gcuirfeadh sise deireadh le na chuid cainnte. D'éirigh si go luath ar maidin, sgairt sí ar Mhághnus agus d'iarr si air amharc indhiaidh a toighe na go raibh sise ag dul amach ag obair 'sna cuibhrinn.(continues on next page)- Informant
- Máire Nic g Cionnlaoi
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Domestic worker
- Address
- An Bun Beag, Co. Donegal