School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 077
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear 7 bean na gcomhnuidhe ar an Mhacaire Loisge uair amháin a raibh Mághnus 7 Bríghid mar ainm ortha.”
(continued from previous page)D'éirigh Mághnus agus thoisigh sé a dheargadh an teinidh, ach bhí an mhóin fliuch, ní raibh cipiníní ar bith le fághail aige, agus le bárr ar an donais d'éirigh na páistí agus thoisigh siad a caoineadh ag iarraidh a mbhreicfeasta. Bhí an lá caithte nuair a bhí an breicfeasta thart agus bhí sé ró mhall le na páistí a ghreadadh na sgoile agus shuidh siad sa ghriosaigh sa chasan aige. Nuair a chuaidh sé amach a thabhairt a gcuid do na muic, sgall sé muc acu agus d'imthigh sí léithe le rása fríd an bhaile agus achan sgread neimhe aice. Bhí Mághnus bocht in dhroch dhóigh, ach ní raibh deireadh le na chuid tubaistí go fóill. Sheasuigh sé ar chathaoir ag cuartú casúir ar mhullaigh an driosiúr, thit sé ó'n chathaoir agus chuir sé a ghualainn as áit.
Bhí a shaith de obair toighe aige fán am seó agus smaointigh sé gur bhfhearr ibhfad ag obair amuigh. Sgairt sé ar Bhríghid ach cha dtug sí lá áird air agus níor phill(continues on next page)- Informant
- Máire Nic g Cionnlaoi
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Domestic worker
- Address
- An Bun Beag, Co. Donegal