Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 077
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear 7 bean na gcomhnuidhe ar an Mhacaire Loisge uair amháin a raibh Mághnus 7 Bríghid mar ainm ortha.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D'éirigh Mághnus agus thoisigh sé a dheargadh an teinidh, ach bhí an mhóin fliuch, ní raibh cipiníní ar bith le fághail aige, agus le bárr ar an donais d'éirigh na páistí agus thoisigh siad a caoineadh ag iarraidh a mbhreicfeasta. Bhí an lá caithte nuair a bhí an breicfeasta thart agus bhí sé ró mhall le na páistí a ghreadadh na sgoile agus shuidh siad sa ghriosaigh sa chasan aige. Nuair a chuaidh sé amach a thabhairt a gcuid do na muic, sgall sé muc acu agus d'imthigh sí léithe le rása fríd an bhaile agus achan sgread neimhe aice. Bhí Mághnus bocht in dhroch dhóigh, ach ní raibh deireadh le na chuid tubaistí go fóill. Sheasuigh sé ar chathaoir ag cuartú casúir ar mhullaigh an driosiúr, thit sé ó'n chathaoir agus chuir sé a ghualainn as áit.
Bhí a shaith de obair toighe aige fán am seó agus smaointigh sé gur bhfhearr ibhfad ag obair amuigh. Sgairt sé ar Bhríghid ach cha dtug sí lá áird air agus níor phill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Nic g Cionnlaoi
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bun Beag, Co. Dhún na nGall