Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 91

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 91

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 91
  3. XML “An Bhanríon agus Cailleach na gCearc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a shroich siad an baile scairt an bhainríoghain amach ar a ingin. D'fhiafruigh sí an rabh an leas ingean ag tabhirt an bhídh chuig na bochta. Dubhairt sise nach rabh. An lá thar na bhárach chuaidh an bhainríoghain 'un tobair agus casadh Cailleach na gCearc uirthi. D'fhiafruigh sí de'n bhainríoghain an bhfuair sí amach go fóill an rabh an leas-ingean ag déanamh mar h-órdú duithe. Dubhairt an bhainríoghain go bhfuair sí amach nach rabh. "Bhal" arsa Cailleach na gCearc, "béidh mise leat anois agus bhéarfaidh muid linnn do ingin go dtí an áit a rabh an leas-ingean ag tabhairt an bhídh". D'imthigh siad leo go rabh siad san áit a rabh na gasraí agus thug siad leo na gasraí na bhaile.
    Nuair a bhí siad sa bhaile thug siad leo na gasraí agus an ingean go dtí'n fhairrge. Chaith siad na gasraí agus an ghiorsach isteach san fhairrge, bhuail siad le slaitín draoidheachta iad agus rinneadh trí cnapan cloiche de na gasraí agus rinneadh crann mór de'n chailín ag fás aníos as an fhairrge. Annsin bhod siad leo na bhaile. Gearr-thamaill na dhiaidh sin thainic daoine le bád mór go dtí'n áit a rabh na clocha agus an crann. Chuaidh siad go dtí an áit a rabh an bhainríogain agus d'fhán duine amháin sa bhád leis an bhád a choimhead. Nuair a bhí fear an bháid tamallt sa bhád d'éirigh amach as an fhairrge an cailín óg ba...
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Róise Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Donegal