School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 142
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó leathanach 143
112.Caidé a imithigheas os cionn an talaimh agus a thig airíst faoin talamh?
( Fear agus scraith ar a chloigeann)113. Leath marbh, leath beo agus ruball ag crathadh.
( Madadh agus a chloigeann i bpóca)114.Cloigeann mara méaracán; ruball mara luchóg; dá mbeitheá ag tomhas a choidhche ní thomhaisfeá sin.
( Píopa)115.Caidé atá 'na sheasamh i gcomhnuidhe agus a chroidhe ina bhéal?
(Ceirtlín cáil)116.Goidé a thionntuigheas agus nach gcorruigheann ar chor ar bith?
(Bainne reamhar)117. Caidé atá níos tiughtha ná'n féar ag fás?
( Driúchta)118. Caidé mar atá soitheach ag fágáil an chuain cosamhail le cailín óg?
( Caithfidh an soitheach í féin a choimhead ar na carraiceacha agus caithfidh an cailín óg í fein a choimhead ar na fir)119. Cad tuighe a ritheann an t-uisce ins an abhainn i gcomhnuidhe?
( Níl cos ar bith uirthi le siubhal)120. Caidé a thionntuigheas gan bogadh?
( Tae dubh nuair a chuirtear bainne air)
Féach - 141(continues on next page)