School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 73

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 73

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 73
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Rí agus a Thriúr Mac
    19adh lá Márta 1938
    ------------------------
    Bhí bean agus fear ann fad ó shoin agus bhí triúr mac acu. Peadar a bhí ar an fhear a b'óige agus deirfeadh an t-athair i gcomhnuidhe go rabh sé amaideach. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an fhear a ba sine imtheacht amach na coilleadh agus adhmad a ghearradh. THug an mháthair lón bídh dó agus d'imthigh sé. Nuair a bhí sé ag gabháil fríd an choillidh casadh fear beah de a rabh ocras agus tart air. D'iarr an fear beag greim de'n bhiadh air ach dubhairt an fear eile go rabh sé gann go leor aige fhéin agus gur bheag a bhéadh le déanamh aige an lón a roinnt air-sin agus annsin é fhéin a bheith folamh an chuid eile de'n lá. D'imthigh an fear beag leis agus thoisigh an fear eile a ghearradh na gcrann. Nuair a bhí sé ag gearradh na gcrann d'imthigh an chos as an tuaigh, briseadh a sciathan agus ní rabh ann ach go bhfuair sé na bhaile.
    An dara lá chuaidh an fear eile na coilleadh agus casadh an fear beag céadhna air. D'iarr sé cuid de'n bhiadh air ach dhúiltaigh sé é mar a rinn an dearbhrathair eile. Thoisigh sé a ghearradh na gcrann. Nuair a bhí ceann de na crainn chomhair bainte aige thuit an crann i na éadan agus stealladh an cárr as. Bhí sé iongantach nimhneach agus ní rabh ann ach go bhfuair sé na bhaile.
    An tríomhadh lá dubhairt Peadar an fear a b'óige go raibh seisean ag gabháil na coilleadh a....
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ó Grianna
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal