School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 27

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 27

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 27
  3. XML “Feidhlimidh na Fidle agus an Sagart”
  4. XML “Fear Ghaoth Dobhair agus an Asal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    adhmhail tú" adeir an sagart, "ní bhfuair mise a phós an lánamhain ach punnta amháin". "Dia nár fhóirid ort-sa" arsa Feidhlimidh "d'fhéad do muinntir fidleoir a dheanamh duit-se i dtúis do shaoghail agus n-áit sagart a shéanamh duit".
    Niall Ó Domhnaill
    Doire na Mainsear
    Aois 82 bliadhain
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí seandhuine i nGaoth-Dobhair fad ó shoin agus bhí asal aige a bhí iongantach fallsa. Ba gnathach leis an samhradh a chaitheamh tabhairt a chuid mónadh na bhaile ón tsliabh leis an asail agus dhá chliabh uirthi. Ba gnáthach leis bata mór a bheith leis fá choinne an t-asal a bhualadh le tabhairt uirthi siubhal go gasta. Lá amháin casadh an sagart Mac Pháidín, a bhí i nGaoth-Dobhair san am, air. Chuir sé ceist ar an tseanduine cad chuige a rabh sé ag bualadh na h-aisle leis an bhata mhor throm sin. "Nach bhfuil fhios agat" arsa an sagart "go bhfuil an asal beannuighthe?. Nach h-í an asal a d'iomchar ár Slánuightheoir go Iarúslam". "Bhál m'anam fhéin a shagairt" arsa an seanduine "dá mbéadh sí seo loebhtha ní bhéadh siad ann go fóill"
    Somhairle Ó Domhnaill
    Doire na Mainsear
    Feirmeóir
    Aois 45 bliadhain
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Somhairle Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal