Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 15
- XML “Eachtra Aodh Bháin agus Shéamuis Cróin”
- XML “An Bádóir agus an Bodach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhad leis i go bhfuair sé greim rubaill ar an bheathach. Bhí sé ag goid suas órdlach ar órdlach go bhfuair sé a lámh ins an bheilt a bhí ag an mharcach. Tharraing sé anuas na trágha é agus bhain an ghaoth as le scin fhada.Niall Ó Domhnaill (Séimisín)
Doire na Mainsear
Aois 82 bliadhain - Chuir muinntir Árainn Mhóir teachtaireacht chuig Ruaidhrí Ruadh Ó Domhnaill a bhí na chomhnuidhe ar an Ghlasaidh a theacht ar cuairt ar an oileáin chuca. Tháinic sé agus chaith sé coicighis in a measc. Nuair a bhí sé ag gabháil go tír mór arís chuir siad lasta báid de phronntanais leis agus éadach órnaighthe faoi na chosa ins an bhád. Bhí bodach gallta na chomhnuidhe i nGleann Cholm Cille ar b'ainm de CAptaoin Muireachtaigh agus nuair a chualaidh sé an t-ádh a bhí ar an Dáilach smaointigh sé go bhfiachadh sé féin a lámh fríd Árainn. Chuaidh sé go hÁrainn agus d'fhán sé dhá oidhche ann agus an tríomhadh maidin d'iarr sé ortha bádóir a fhagháil a d'fhágfadh amuigh ar tír mór é. Chuimil na tighthe óstais go cruaidh air an dá oidhche sin a d'fhán sé acu. Nuair a thainic sé amach go h-Ailt an Chorrain an tríomhadh lá, labhair sé....(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Ainmneacha eile
- Niall Ó Domhnaill
- Niall (Séamisín) Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Donegal