Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 143
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó leathanach 144
3. cur tuighe na h-átha ar an mhuileann.
( Duine bocht)4. Imir do chluiche ar an lugha,
Is ná leig an uair thart,
Ar fhaitchíos go mbeitheá mall
Ar an chlár thall imirt do bheart
( Fear a bhí i ndainséar báis)5.Toit sa choillidh as gan teine ar bith.
( Anál bó)6.Dá mbéadh sin agam beathach maith páighe
Súgán, saic a's adhastar bréagh cnáibe,
Theannfainn mo sheanduine thiar ar a mhásaí
As leigfinn 'na rith é go mbrisfeadh sé a chnámha.
( Éan de chuid na spéire) 7.Caidé an taobh de'n chupa a bhfuil an chluas air?
( Taobh amuigh)8.Chuaidh fear 'un aonaigh is casadh seachtar ban air;bhí seacht mála le gach bean is seacht gcat in gach mála. Cá mhéad duine a bhi 'gabháil 'un aonaigh?
( Duine amháin)9.Cá mhéad trí aireamh ar aghaidh an chluig?
( Sé cinn)10.Itheann sí a bhfaghann sí ach ní chailleann sí oiread le gráinín.
( Roilig)
Féach - 142(leanann ar an chéad leathanach eile)