School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 123
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An droch leas-mháthair
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear agus bean ann agus bhí gasúr beag acu. Nuair a bhí an gasúr 12 bliadhain d'aois fuair a mháthair bás agus tamall na dhiaidh sin phós an fear bean eile. Bhí an leas-mháthair go h-iongantach olc do'n ghasúr. Lá amháin nuair a bhí an gasúr tuairim ar sheacht mbliadhna d'aois dar leis an leas-mháthair go gcuirfeadh sí 'un báis é. Níor mhaith léithe féin sin a dhéanamh ar eagla go bhfeiceadh a athair í.
    D'imthigh sí an lá seo agus scríobh sí litir dó agus d'iarr sí air gan an litir a thabhairt do dhuine ar bith ach do léitheid seo d'fhear. Sé an rud a bhí sa litir ag iarraidh ar an fhear é mharbhadh nuair a thiocfadh sé fhad leis. Shiubhail an gasúr leis agus nuair a bhí giota fada siubhalta aige tháinic bean fhad leis. D'iarr sí an litir air ach dubhairt sé nach dtiocfadh leis an litir a thabhairt do dhuine ar bith ná gur iarr a mháthair sin a dhéanamh. Dubhairt an bhean leis nárbh' í sin a mháthair ar chor ar bith ach gurbh' ise a mháthair. Bhain sí an litir de agus d'amharc sí uirthi Idir an dá am thuit an gasúr na chodladh. D'fhoscail sí an litir agus léigh sí í. Annsin rinn sí giotaí díthe.
    Nuair a mhuscail an gasúr chuir sé ceist cá rabh an litir. D'innis sí dó caidé bhí ann agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0930: The Prophecy
    Language
    Irish
    Informant
    Maighread Ní Ruaidrigh
    Gender
    Female
    Age
    37
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal