Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 353
- XML “An Cailín Dílis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'iarr sé ar fhear de chuid fear an leanbh a thabhairt anuas chuige agus thug. Gasúr a bhí ann. Thug sé leis 'n-a bhaile é agus bhí luthghair mór ar fhéin agus ar a mhnaoi fá choinne an ghasúra. Thóg siad an gasúr go raibh sé 'un méadaidheachta agus bhí an ghiorsach aca fosta. Bhí an ghiorsach agus an gasúr an-cheanamhail ar a chéile.
Fá dheireadh bhí an bhainríoghain ag éirghe tursach de'n ghasúr agus smaointigh sí gur cheart duithe é chur 'un báis. Lá amháin d'imthigh sí go dtí Cailleach na gCearc. Lean an ghiorsach í. Nuair a chuaidh sí isteach chuig Cailleach na gCearc, d'fhan an ghiorsach ag an doras ag cúl-éisteacht leis an chomhrádh a bhí eatorra.
Dubhairt an Bhainríoghain le Cailleach na gCearc gur mhaith leithe an gasur a chur 'un báis. D'iarr cailleach na gCearc uirri nuair a rachadh sí 'n-a bhaile teine mhór a chur síos agus leigint uirri fhéin gur chaill sí snáthadh beag sa luaith agus na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal