Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 354
- XML “An Cailín Dílis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)páisdí a thabhairt isteach agus órdughadh daobhtha an t-snáthadh a chuartughadh, agus nuair a bhéadh an gasúr ag cuardughadh na snáthaide, go dtiocfadh leithe é chaitheamh isteach sa teinidh. Chualaidh an giorsach an comhrádh uilig. D'imthigh sí 'n-a bhaile agus d'innis do'n ghasúr caidé bhí a máthair ag gabhail a dheanamh leis.
Nuair a tháinic an bhainríoghain 'n-a bhaile, rinn sí mar d'iarr an Chailleach uirri. Scairt sí isteach ar na páisdí, tháinic an ghiorsach agus dubhairt sí nach raibh an gasúr le fághail.
Chuaidh an bainríoghain chuig an chailligh arais an dara lá agus d'innis sí nach dearn sí mhaith. Dubhairt an Chailleach leithe nimh a chur i gcuid tae an ghasúra. Bhí an ghiorsach ag cúl-éisteacht leithe an lá seo fosta, agus bhí iomlán eolais aici.
Nuair a tháinic an bainríoghain 'n-a bhaile, rinn sí an tae agus chuir sí nimh ann a chuid tae do'n ghasúr. Chuir sí an gasúr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall