Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ráca a bhí taobh thiar dithe. Phill sé arais agus soir faoi an Áill leis. Bhí sé ag deanamh iongantais de'n ráca, nó níorb' ionnan é agus na racaí a bhí san áit sin san am.
"Má d'imir na balláin orm-sa, d'imir mise ar an Mhaighdean Mhara", arsa Peadar leis fhéin
Fuair sé an t-slat iascaireacht arais, chuir baidhte ar an dubhán agus chaith amach san fairrge é ach ní raibh maith ann, ní raibh aon iasc le fághail
Nuair a mhuscail an Mhaighdean Mhara chriothnuigh sí an ráca. Chonnaic sí Peadar ag iascaireacht agus bhí barramhail aici gurb' é a ghoid é. Níor mhothuigh Peadar ariamh go dtáinic sí taobh thiar de. D'fhiafruigh sí de an raibh sé ag marbhadh aon iasc. D'amharc sé go fiadhain uirri, gan aon fhreagra a thabhairt, agus a dhá shúil ag gabhail amach ar a chloiginn. "Nach mairg nach dtug de'n bhóthar é, nuair a bhí caoi agam air", ar' seisean leis fhéin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal