School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 413
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh Domhnall a mharcuigheacht agus ar shiubhal leobhtha siar go Connachta. Nuair a chuaidh siad annsin bhí an ghiorsach seo amuigh ins an bhoitheach ag blighe an eallaigh. Bhí an t-athair agus an mháthair 'na suidhe istuigh ins an chisteannaigh agus mhothuigh siad í ag sgreadaigh. Thug siad iarraidh amach 'na bhoithigh go bhfeiceadh siad goidé bhí cearr léithe agus fuair siad í 'na luighe marbh ins an tsuinc. Rinneadh í fhaire agus cuireadh í.
Nuair a phill Domhnall agus na daoine beaga arais bhí an ghiorsach le Domhnall ar an chulaibh. Nuair a tháinig siad fad le cúirt na ndaoine beaga ghearr Domhnall léim anuas don bheathach agus thug anuas an ghiorsach fosta. Rinne sé fáinne thart le sál na bhróige ins an áit ar léim sé don bheathach agus ghearr an chroich chéasta ar an ghiorsaigh. Ar an ádhbhar sin ní rabh na daoine ábalta baint díthe. Ní raibh na daoine sasta agus ní dhearn fear aca ach a lámh a tharraingt agus í a bhualadh ón chluais go dtí an béal agus d'fhág bodhar balbh í.(continues on next page)- Collector
- Conall Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Informant
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal