School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 429
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí rí i n-Éirinn agus bhí triúr ingheanach aige. Chuaidh siad amach Oidhche Shamhna, a d'iarraidh athchuing. D'iarr an bhean a ba shine cócaire duine uasail le pósadh agus d'iarr an dara bean garrantóir a fhághail le pósadh agus d'iarr siad ar an mhnaoi óig a h-athchuinge a iarraidh, agus dubhairt sí nach n-iarrfadh no nach rabh siad acht ag déanamh pisreóg. Bhuail siad í agus tharraing siad an ghruaig d'a ceann.
"Mo chrach nach bhfuil mé ar shiubhal uaibh," arsa sise, muna dtugadh acht madadh dubh leis mé."
Leis sin siord an madadh dubh isteach eadar a dhá cois agus d'imthigh sé agus í leis ar a dhruim amach ar an fhairrge go dtí an t-oileán uaigneach ar chúl na gréine. Thug sé isteach i dteach ghlan órdamhail í. Bhí bórd bídh i lár an toighe agus gach uile cineál da dtiocfadh le duine a íte ann. Shuidh sí ag an teinidh agus bhí cuma bhrónach uirthí. Dubhairt an madadh dubh léithe.
"Da mbá fhéin inghean rígh as Éirinn dhéanfainn mo chuid."(continues on next page)- Collector
- Conall Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Informant
- Nóra Ní Dhuirnín
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal