School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 414
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug Domhnall leis 'na bhaile í chuig n-a mháthair. Bhí sí aige annsin agus ní rabh sí ábalta a'n fhocal a labhairt. Bliahdain ón oidhche sin dubhairt Domhnall le n-a máthair go rabh sé ag dul síos na cúirte anocht go bhfeiceadh sé goidé bhí ag dul ar aghaidh.
"A mhic ó," arsa 'n mháthair, "bliadhain agus an oidhche anocht chuaidh tú síos aroimhe agus is deas an feirín a fuair tú, óganach bodhar balbh na suidhe sa choirneal agat ó shoin."
"Bhail, a mháthair," arsa Domhnall, "b'fhéidir go gcluinfinn rud éigin anocht a léigheasfadh í."
D'imthigh leis. Bhí an chúirt fosgailte ag na daoine beaga dul síos do, agus iad ag gabhail cheoil agus ag damhsa.
Isteach le Domhnall agus sheasuigh taobh istoigh de'n doras. bhí fear de na daoine beaga ag cur thart corn fíona agus arsa seisean, "Bliadhain agus an oidhche anocht chuaidh muid siar go Connachta a fhuadach giorsaighe agus tá féirín ag an fhear a(continues on next page)- Collector
- Conall Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Informant
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal