School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 412

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 412

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 412
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann am amháin darb' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní rabh aige acht é fhéin agus a mháthair. Bhí gleann mór taobh thíos de'n áit a rabh siad 'na gcomhnuidhe. Ins an ghleann seo bhí binn, an áit a rabh na daoine beaga ina gcomhnuidhe. Oidhche Shamhna amháin dubhairt Domhnall le n-a mhathair go rabh sé ag dul síos chuig na daoine beaga go bhfeiceadh sé goidé an cineál spoirt a bhí aca. Nuair a chuaidh sé annsin bhí na daoine beaga dul siar go Connachta a fhuadach giorsaighe nach rabh ag n-a h-athair agus ag n-a máthair ach í. bhí beannuigheacht mhór fa'n ghiorsaigh seo agus ní thiocfadh leis an daoine beaga baint díthe gan duine saoghalta a bheith leobhtha. Ar an ádhbhar sin d'iarr siad ar Dhomhnall a bheith ag teacht leobhtha go Connacht. Dubhairt Domhnall go rachadh ach nach rabh gléas marcuigheachta ar bith aige. Ní dhearn fear de na daoine beaga ach buachallán buidhe a tharraingt as an talamh agus as an bhuachallán tháinig beathach mór bán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Conall Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Mín na Manrach, Co. Donegal
    Informant
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    43
    Address
    Mín na Manrach, Co. Donegal