Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 412
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann am amháin darb' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní rabh aige acht é fhéin agus a mháthair. Bhí gleann mór taobh thíos de'n áit a rabh siad 'na gcomhnuidhe. Ins an ghleann seo bhí binn, an áit a rabh na daoine beaga ina gcomhnuidhe. Oidhche Shamhna amháin dubhairt Domhnall le n-a mhathair go rabh sé ag dul síos chuig na daoine beaga go bhfeiceadh sé goidé an cineál spoirt a bhí aca. Nuair a chuaidh sé annsin bhí na daoine beaga dul siar go Connachta a fhuadach giorsaighe nach rabh ag n-a h-athair agus ag n-a máthair ach í. bhí beannuigheacht mhór fa'n ghiorsaigh seo agus ní thiocfadh leis an daoine beaga baint díthe gan duine saoghalta a bheith leobhtha. Ar an ádhbhar sin d'iarr siad ar Dhomhnall a bheith ag teacht leobhtha go Connacht. Dubhairt Domhnall go rachadh ach nach rabh gléas marcuigheachta ar bith aige. Ní dhearn fear de na daoine beaga ach buachallán buidhe a tharraingt as an talamh agus as an bhuachallán tháinig beathach mór bán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Donegal