Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 429

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 429

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 429
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí rí i n-Éirinn agus bhí triúr ingheanach aige. Chuaidh siad amach Oidhche Shamhna, a d'iarraidh athchuing. D'iarr an bhean a ba shine cócaire duine uasail le pósadh agus d'iarr an dara bean garrantóir a fhághail le pósadh agus d'iarr siad ar an mhnaoi óig a h-athchuinge a iarraidh, agus dubhairt sí nach n-iarrfadh no nach rabh siad acht ag déanamh pisreóg. Bhuail siad í agus tharraing siad an ghruaig d'a ceann.
    "Mo chrach nach bhfuil mé ar shiubhal uaibh," arsa sise, muna dtugadh acht madadh dubh leis mé."
    Leis sin siord an madadh dubh isteach eadar a dhá cois agus d'imthigh sé agus í leis ar a dhruim amach ar an fhairrge go dtí an t-oileán uaigneach ar chúl na gréine. Thug sé isteach i dteach ghlan órdamhail í. Bhí bórd bídh i lár an toighe agus gach uile cineál da dtiocfadh le duine a íte ann. Shuidh sí ag an teinidh agus bhí cuma bhrónach uirthí. Dubhairt an madadh dubh léithe.
    "Da mbá fhéin inghean rígh as Éirinn dhéanfainn mo chuid."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conall Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Dhuirnín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall