School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)in áit é a ghabhail amach fa choinne a chuid éisg mar ba ghnáthach shuidhe an t-athair síos agus thosuigh sé a chaoineadh. "Cad chuige nach bhfuil tú a ghabhail fa choinne do chuid éisg?" arsa 'n mac."O tá," arsa an t-athair, "caithfidh mé thusa bheith liom ar shon an éisg indiu," ag innse do goidé mar a bhí."Imthigh tusa fa choinne do chuid éisg," arsa 'n mac, "agus bheirfidh mise mo chúl leis an bhaile agus m'aghaidh ar na cnuic fiadhanta."Shiubhail sé leis go dtí go raibh an tráthnóna ann. Le sin chonnaic sé mactíre agus seabhac agus cú ag tarraingt air, agus beathach allta marbh leobhtha. D'iarr siad air é a roinnt mar d'fhóirfeadh sé no go mairbhfeadh siad é. Thug sé a mhac a scian agus d'fheann sé é; bhain sé an fheoil de na cnámha agus rinne cnap de. Rinne sé an rud céadna leis an ghéir agus leis na cnámha. Shín sé na cnámha chuig an mhactíre agus dubhairt leis, "Seo chugat thusa na cnámha, tá mé ag déanamh gurab agat atá na giallacha laidir" shín sé an fheoil chuig an chú agus dubhairt, " Seo chugat thusa an fheoil, no tá mé ag déanamh go bhfuil acfuinn do chodach agat." Shín sé an ghéir chuig an tseabhac agus dubhairt, "Tá mé ag déanamh gurab agatsa atá an croidhe láidir."D'imthigh siad leobhtha annsin agus(continues on next page)
- Informant
- Antoin Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal