School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 27

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 27

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 27
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    I bhfad o shoin nuair nach rabh i nÉirinn acht Tighearnaigh Gaedhelacha uilig; leag an Sasanach amach go nglacfadh sé fhéin seilbh ar chuid talta maithe na hÉireann, agus go ndíbreochadh sé na Tighearnaigh Gaedhlacha.

    (continued from previous page)
    as an tír no go rabh siad-san agus a n-arm ag dul annsin a ghlacadh seilbh ar an talamh. Sgannruigh na tighearnaigh mar nach raibh cúl cinn ar bith aca, agus d'imthigh siad amach as an tír uilig acht tigherna amháin a d'fhan i n-Innis Eoghain dar bh'ainm Mac Uí Dochartaigh. Bhí seisean ag fághail sgéala achan lá an áit a fhágail acht bhí sé a chur ó lá go lá acht oidhche amháin, bhí cruinniughadh acu i mBaoghallach agus chuir siad cuireadh ar an ghaedheal theacht ina measg.
    D'fhág sé. innis Eoghain agus tharraing sé ar Bhaoghallach, agus d'fhág sé a bhean ar leabaidh chlainne. Ní rabh sé i bhfad ar shiubhal go bhfuair siad sgéala i n-Innis Eoghain go rabh an tighearna gallda ar a bhealach ag teacht leis an áit a bhaint amach.
    D'fhág teachtaire Innis Eoghain agus chuaidh sé go Baoghallach leis an sgéala chuig an Dochartach. Nuair a chuaidh sé fhad leis an fhuinnéoig d'amharc sé isteach, agus bhí siad ag imirt chárdaí, indiaidh a suipeár a chathadh.
    Seo mar thug sé an sgéala dom Dochartach ar eagla go labhairfeadh sé i mBéarla go dtuigfeadh na sasanaigh é. Dubhairt sé "Imir do chluiche ar a luth agus nach leig an uair thart ar fhaiteas go mbeithfea
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomas Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal