School: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (roll number 10165)
- Location:
- Glenties, Co. Donegal
- Teacher: An tSr. M. Deuglán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Arán coirce is mó a bhíodh ag na daoine go léir ins an t-sean am, agus tá dúil mór ag na sean daoine ann go fóill. Biodh maith follán iseadh arán choirce agus tá brigh ann. Ins an t-sean am nuair a beadh daoine ag gabhail go loch Derg bheireadh siad leadhb maith de arán choirce leo. Dheanfeadh siad an rud céadna nuair a bhéadh siad ag gabhail go America agus cúig no sé coircíní dé a bheireadh siad leo mar bhí an turas fada. Seo mar a deantar é. Ar dtús cuirtear min choirce í mbaisín agus annsin cuirtear salánn ann agus cuirtear uisge air. Measctar é thart le dó lámha go dtí go dteantar taos de. Cuirtear é ar iarainn aráin agus cuirtear inaice na teineadh é go dtí go n-éirigheann sé cruaidh agus cuirtear min thart timcheall ar chun é a dheanamh cruaidh. Nuair bhéidh sé cruaidh cuirtear im air agus bíonn sé réidh le h-ithe annsin.
- Collector
- Maighread Ní Ghallcobhar